Ceiliúradh na mBan

By Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Listen on


Links


Sraith dírithe ar mhná éachtacha i réimsí éagsúla atá anseo, le téama ar leith ag baint le gach eagrán. I ngach clár, insítear scéal spleodrach faoi bhean Éireannach sa stair a rinne éacht agus cloistear agallaimh phearsanta le mná a bhfuil baint acu leis na réimsí céanna sa lá atá inniu ann. Déantar plé ar obair na mban seo; na mná a tháinig rompu agus na mná a thug agus a thugann inspioráid dóibh. I measc na mban stairiúil a mbreathnófar orthu sa tsraith, tá Lena Rice ó Cho. Thiobraid Árann, a bhuaigh Wimbledon sa bhliain 1890; Kit Coleman a bhí mar an chéad chomhfhreagraí cogaidh baineann, sa bhliain 1898, agus an Dr Dorothy Stopford Price a bhí lárnach i ndíbirt na heitinne sa tír seo san fhichiú haois. Is iad Jane Farley agus Katie Whelan láithreoirí na sraithe, agus is liosta le háireamh iad siúd a ghlac páirt sa tsraith – aíonna speisialta a bhfuil réimse mhór de thaithí acu, idir fhilí agus eolaithe agus eile. I measc na rannpháirtithe tá Celia de Fréine, Fionnula Gygax, Máire Ní Bhraonáin, Siún Ní Dhuinn, Caitlín Ní Chasaide, Lynn Hilary, Réaltán Ní Leannáin agus Deirdre Donnelly. Judy-Meg Ní Chinnéide a bhí mar léiritheoir agus eagarthóir fuaime ar an tsraith. Fearghal Saxe a bhí mar theicneoir fuaime. An t-aisteoir Hilary Bowen-Walsh a léigh na scéalta stairiúla. Is le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an clár seo, leis an táille ceadúnais teilifíse.

Latest episode