Ceiliúradh na mBan
By Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Sraith dírithe ar mhná éachtacha i réimsí éagsúla atá anseo, le téama ar leith ag baint le gach eagrán. I ngach clár, insítear scéal spleodrach faoi bhean Éireannach sa stair a rinne éacht agus cloistear agallaimh phearsanta le mná a bhfuil baint acu leis na réimsí céanna sa lá atá inniu ann. Déantar plé ar obair na mban seo; na mná a tháinig rompu agus na mná a thug agus a thugann inspioráid dóibh. I measc na mban stairiúil a mbreathnófar orthu sa tsraith, tá Lena Rice ó Cho. Thiobraid Árann, a bhuaigh Wimbledon sa bhliain 1890; Kit Coleman a bhí mar an chéad chomhfhreagraí cogaidh baineann, sa bhliain 1898, agus an Dr Dorothy Stopford Price a bhí lárnach i ndíbirt na heitinne sa tír seo san fhichiú haois. Is iad Jane Farley agus Katie Whelan láithreoirí na sraithe, agus is liosta le háireamh iad siúd a ghlac páirt sa tsraith – aíonna speisialta a bhfuil réimse mhór de thaithí acu, idir fhilí agus eolaithe agus eile. I measc na rannpháirtithe tá Celia de Fréine, Fionnula Gygax, Máire Ní Bhraonáin, Siún Ní Dhuinn, Caitlín Ní Chasaide, Lynn Hilary, Réaltán Ní Leannáin agus Deirdre Donnelly. Judy-Meg Ní Chinnéide a bhí mar léiritheoir agus eagarthóir fuaime ar an tsraith. Fearghal Saxe a bhí mar theicneoir fuaime. An t-aisteoir Hilary Bowen-Walsh a léigh na scéalta stairiúla. Is le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an clár seo, leis an táille ceadúnais teilifíse.
Latest episode
-
Ceiliúradh na mBan: Litríocht
Réaltán Ní Leannáin ar Maria Edgeworth(Scríbhneoir, 1768 – 1849 -
Ceiliúradh na mBan: Polaitíocht
Deirdre Donnelly ar Hanna Sheehy Skeffington (Sufraigéid agus Náisiúnaí, 1877 – 1946) -
Ceiliúradh na mBan: Spóirt
Máire Ní Bhraonáin ar Lena Rice agus Sarah Fanny -
Ceiliúradh na mBan: Scannánaíocht
Fionnuala Gygax ar Maureen O' Hara (Aisteoir Hollywood 1920 – 2015) -
Ceiliúradh na mBan: Filíocht
Celia de Fréine ar Eibhlín Dubh Ní Chonaill (File a chum 'Caoineadh Airt Uí Laoghaire, c.1743 – c.1800) -
Ceiliúradh na mBan: Na Meáin
Siún Ní Dhuinn ar Kit Coleman (An chéad comhfhreagraí cogaidh baineann, 1864 – 1915) -
Ceiliúradh na mBan: Ceol
Lynn Hilary ar Catherine Hayes (Amhránaí Ceoldrámaíochta 1818 – 1861) -
Ceiliúradh na mBan: Eolaíocht
Caitlín Ní Chasaide ar Dorothy Stopford Price (Lia a d'fhorbair vaicsín eitinn 1890 – 1954)